musicas.mus.br

Letras de músicas - letra de música - letra da música - letras e cifras - letras traduzidas - letra traduzida - lyrics - paroles - lyric - canciones - COINLEACH GHLAS AN FHOMHAIR - CLANNAD - música e letra

Utilize o abecedário abaixo para abrir as páginas de letras dos artistas

A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z

Coinleach Ghlas An Fhomhair letra


Ar chonnlaigh ghlais an Fhoghmhair
A stóirín gur dhearc mé uaim
Ba deas do chos i mbróig
'Sba ró-dheas do leagan siubhail
Do ghruaidh ar dhath na rósaí
'Sdo chúirníní bhí fighte dlúith
Monuar gan sinn 'ár bpósadh
Nó'r bórd luinge 'triall 'un siubhail

Tá buachaillí na h-áite seo
A' gartha 'gus ag éirghe teann
Is lucht na gcochán árd
A' deánamh fáruis do mo chailín donn
Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne
Thar sáile 's a shlóighte cruinn
Bhrúighfinn féar is fásach
'S bhéinn ar láimh le mo chailín donn

Ceannacht buaibh ar aontaigh'
Dá mbínn agus mo chailín donn
Gluais is tar a chéad-searc
Nó go dtéidh muid thar Ghaoth-Bearra 'nonn
Go sgartar ó n-a chéile
Bárr na gcraobh 's an eala ón tuinn
Ní sgarfar sin ó chéile
'S níl ach baois díbh á chur 'n mur gcionn

Chuir mé leitir scríobhtha
Annsoir mo sweetheart agus casaoid ghéar
Chuir sí chugam arís í
Go rabh a croidhe istuigh i lár mo chléibh
Cum na h-eala is míne
Ná'n síoda 's ná cluimh na n-éan
Nach trom an osna ghním-se
Nuair a smaoitighim ar a bheith 'sgaradh léi

'Sé chuala m/e Dé Domhnaigh
Mar chómhrádh 'gabháil eadar mhnáibh
Go rabh sí 'gabháil 'a pósadh
Ar óigfhear dá bhfuil san áit
A stóirín glac mo chomhairle
'S a' foghmhar seo fan mar tá
'S cha leigim le 'bhfuil beo thú
A stór nó 's tú mo ghrádh

Clannad - Letras

top 30 músicas

©2003 - 2024 - musicas.mus.br